An lá Scoile

Am Sosa / Breaks

Bíonn dhá shos ag na daltaí gach lá. Sos 10 nóiméad ag a 10.30 a.m. agus sos 30 nóiméad ag a 12.15 p.m. Itheann na páistí an lón nuair a thagann siad isteach ón gclós.

The pupils have two breaks during the day. A ten minute break at 10.30 a.m. and a thirty minute break at 12.15 p.m. The children eat their lunch when they come in from the school yard.

Lón na bpáistí / Lunch

Cuirimid an-bhéim i Scoil Naithí ar shláinte agus ar shábhailteacht na bpáistí. Is chuige sin atá polasaí againn go mbeadh lón folláin ag gach páiste ar scoil.

It is our aim in Scoil Naithí to promote good health and safety for all the children. Therefore, we wish to emphasise our healthy lunch policy.

Is é atá i gceist againn le lón folláin ná / A healthy lunch consists of:

  • ceapaire nó a mhacasamhail - (sandwich or its equivalent)
  • torthaí/glasraí - (fruit/vegetables)
  • deoch (uisce/bainne/sú torthaí) - (water/milk/fruit juice)
  • iógart nó briosca (más mian libh) - (yogurt/plain biscuit – optional)

Ní cóir milseáin, seacláid, criospaí, gráin rósta deochanna liomanáide (le boilgíní) a bheith mar lón scoile. Ní cheadaítear do dhaltaí a bheith ag roinnt lón lena chéile (ar chúiseanna sláinte). Is cóir do na páistí aon bhruscar atá acu ón lón a thabhairt abhaile leo ina mbosca lóin, agus an seomra ranga a fhágáil go deas néata.

Sweets, chocolate, crisps, popcorn and fizzy drinks are not allowed for lunch. Children are not allowed to share their lunch with others (for health reasons.) Children take home any leftovers in their lunch box and leave the classroom neat and tidy.

Éide Scoile / School Uniform

Níl éide scoile foirmiúil ag páistí Scoil Naithí. Moltar go gcaithfeadh gach páiste éadaí agus bróga atá compordach agus ciallmhar. Caitheann na páistí 30 nóiméad ag rith agus ag imirt sa chlós gach lá mar sin tá na héadaí agus na bróga cearta riachtanach. Ar mhaithe le sláinte agus sábhailteacht bíonn ar gach páiste bróga reatha agus culaith achlaíochta a chaitheamh ar na laethanta go mbíonn Corp Oideachas/rince/snámh acu. Níl cead bríste atá ró fhada nó ró-ghearr, sciortaí gearra nó belly tops a chaitheamh. Moltar go mbeadh bróga gur féidir leo rith iontu ar na páistí gach lá agus iarrtar ar na páistí gan Uggs ná cuaráin a chaitheamh. Moltar chomh maith de bharr sláinte agus sábháilteacht nach gcaithfeadh páistí seoda ar scoil. Tá cosc iomlán ar smideadh a chaitheamh ar scoil.

The children don’t wear a school uniform. We ask parents to ensure that the children wear comfortable and sensible clothes and shoes to school. The children spend 30 minutes each day playing and running in the school yard, therefore it is important that they wear proper clothes and shoes. For health and safety reasons children have to wear a tracksuit and runners on PE, swimming and dancing days. It is essential that trousers are not too long or too short. Short skirts, belly tops, jewellery and make-up are prohibited. We also ask that you do not permit your children to wear sandals or Uggs in school as these can be a fall hazard.

An Chéad Chomaoineach / First Communion

Beidh an Chéad Chomaoineach ar cheann de na hócáidí is mó i saol do pháiste i Scoil Naithí. Is lá iontach é ar gach aon bhealach. Tar éis an tsearmanais tagann tuismitheoirí, páistí agus a gcuid teaghlaigh le chéile sa scoil. De ghnáth cuireann tuismitheoirí Rang a 1 féasta ar fáil dóibh agus tá cáil faoi leith ar an ócáid seo sa scoil, a bhuíochas sin do na tuismitheoirí.

A very big event for the children is of course the First Holy Communion. The parents of first class usually host the reception at the school for the First Communion children, their families and friends. The junior classes in the school help first class with this effort by baking, cooking etc. The parents of Scoil Naithí have always done their best to make this an extra special day for the First Communion children and its great fun being involved. It’s also wonderful when your turn comes to sit back and enjoy the extra special day.

An Cóineartú / Slán le Rang a 6 / Confirmation

Bíonn dhá ócáid mhóra ag Rang a 6; An Cóineartú agus Slán le Rang a 6, ag deireadh na scoilbhliana.

The children of Rang 6 have two big events during the year – Confirmation and Slán le Rang 6.

Cúrsaí Breise sa Scoil / Extra Curricular Activities

Tá go leor imeachtaí nua á chur ar fáil sa scoil tar éis am scoile. Seo a leanas na rudaí a bhíonn ann gach bliain:

  • Iománaíocht (Hurling) Rang 4,5,6
  • Camógaíocht (Camogie) Rang 4,5,6
  • Peil (Football) R1 - > R6
  • Rince (Dé hAoine) Aois 4+
  • Cór na Scoile Rang 3,4,5,6
  • Uirlísí Ceoil (Musical Instruments)
  • Rince sa scoil (Dancing) Naíonáin Bheaga – R6
  • Drámaíocht (Drama) Naíonáin Bheaga – R6
  • Snámh (i rith am scoile) Rang 2 -> Rang 5
  • Snámh (tar éis am scoile) Naíonáin Bheaga - R6