An Ghaeilge

An Dátheangachas/Tumoideachas

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na scoile. Déanann foireann na scoile, an Bord Bainistíochta agus Comhlucht Naithí a ngnó agus a gcumarsáid tré mhéan na Gaeilge. Múintear an Ghaeilge ní hamháin mar ábhar scoile ach mar theanga bheo chumarsáide. Is i  an Ghaeilge amháin a labhraítear leis an bpáiste nuair a thagann sé/sí ar scoil den chéad uair agus ó sin amach. Is córas lánthumtha atá i bhfeidhm sa scoil agus ní thosaítear ar an mBéarla a theagasc go dtí go mbíonn an páiste sna Naíonáin Shinsearacha. (An 3ú téarma).

Déantar gach iarracht bród agus meas a chothu dár dteanga i measc na bpáistí trín iad a spreagadh, a ghríosú agus a mholadh chun an Ghaeilge a labhairt. Labhraítear í i dtimpeallacht na scoile, sa seomra ranga, sa chlós, ag dul abhaile agus ag ócáid ar bith a bhaineann leis an scoil.

Bilingualism/Language Immersion

An Ghaeilge is the principal language of the school. The teachers, Board of Management and Comhlucht Naithí communicate and conduct their meetings through the medium of Irish. Irish is the only language spoken to the child when he/she comes to school for the first time and thereon after. We use the total immersion method of language acquisition and English is not taught until senior infants. (3rd term).

We encourage the children to speak ‘as Gaeilge’ and we promote a love and respect for our language and culture. Irish is spoken in the classroom, in the school yard and environs, and at all school occasions and functions; i.e. drama/sporting events.