Bíonn club Óg Ógras ar siúl anseo i Scoil Naithí do pháistí rang 5 agus 6. Eagraíonn tuismitheoirí an dá rang imeachtaí éagsúla anseo sa scoil nó sa cheantar. Baineann na páistí an-taitneamh as imeachtaí breise a dhéanamh trí mheán na Gaeilge gach mí. Bíonn spórt agus ceardaíocht ar siúl acu agus le déanaí bhí siad amuigh ag foghlaim faoi nádúr agus ag déanamh ceoil le Rossa Ó Snodaigh. Is deis iontach é do na tuismitheoirí freisin a bheith páirteach i saol Gaeilge a bpáiste agus an Ghaeilge atá acu a chleachtadh agus a úsáid!
5th qand 6th class pupils enjoy attending the clun óg Ógras every month. The parents organise activities such as sport and crafts and the children really enjoy these extra activities through Irish. Recently the children were out learning about nature and playing music with Rossa Ó Snodaigh. It is a great opportunity for the parents of the 5th and 6th class to participate in their child's life and to use the Irish they may have in a fun way!