I rith saoire na Cásca sheol roinnt páistí ó Rang 3 go Rang 6 griangraif agus físeáin d'imeachtaí a bhí ar siúl acu chuig na múinteoirí ranga mar cuid den tasc 'Craic na Cásca'. Bhailíodar ana-chuid agus tá Iníon Máirtín i ndiaidh go leor ama a chaitheamh ag déanamh eagarthóireacht ar gach rud. Beidh an fís á sheoladh ar aghaidh chugaibh gan mhoill - ar an drochuair tá sé ró-mhór le chrochadh in airde go díreahc ar an suíomh seo. Buíochas mór dóibh siúd a ghlac páirt i 'Craic na Cásca' agus leis na múinteoirí ranga, Iníon Máirtín ach go háirithe.
Coinnigh súil anseo chomh maith beidh nasc na físe ag teacht go luath!