Scoil Ghlas

Tá Scoil Naithí páirteach sa scéim ‘Scoil Ghlas’ atá á reachtáil ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire/ Rath an Dúin. Leanann muid na céimeanna agus na moltaí mar atá leagtha síos sa scéim ‘Scoileanna Glasa’. Tá pobal na scoile ar fad páirteach sa scéim seo. Cuireadh an Coiste Glas ar bun sa bhliain 2005 agus bronnadh an chéad bhrat orainn sa bhliain 2006. Tá téama éagsúil le déanamh gach bliain.

Tá ocht téama déanta againn go dtí seo agus tá muid ag obair ar an naoú brat i mbliana. Sa chéad bhliain dhírigh muid ar Athchúrsáil, Bruscar agus Dramhaíl. Ina dhiaidh sin rinne muid na téamaí seo a leanas: Fuinneamh, Uisce, Taisteal, Bithéagsúlacht, Saoránacht Domhanda, Bruscar agus Dramhaíl, agus i mblianaTaistil Inmharathana agus Saoránacht Domhanda. Tá idir mhúinteoirí, tuismitheoirí agus páistí ar an gcoiste. Cuireann an Coiste Glas plean bliana le chéile agus cabhraíonn foireann na scoile é a chur i bhfeidhm. Leanaimís ar aghaidh ag déanamh cinnte go mbeidh Scoil Naithi glas i gcónaí.

 

Plean Oibre Eanáir 2023:

Cruinniú leis an gcoiste glas.

Cód a thabhairt do gach rang arís.

Litir a chur abhaile chuig na tuismitheoiri faoin obair atá ar siúl ar an  téama.

Eolas/griangraifeanna a chur ar an suíomh scoile .

Na hacmhainní atá ann a chur timpeall chuig na múinteoirí.

Dáta le socrú don chéad ‘walking bus’.

Labhairt ag an gcruinniu foirne faoin bplean don mhí seo.

Dul siar ar an gcód glas agus é a thabhairt do na múinteoirí.

Tioscnamh le roghnú ag na hard ranganna bunaithe ar an dtéama ‘saoránacht domhanda’. roghnaigh topaic amháin an mhí seo greenschoolsireland.org chun teacht ar na hacmhainní/ Oxfam.ie go maith freisin.

 

Na Spriocanna Domhanda/Global Goals

Cód Glas/Green Code

Cód Glas na Scoile/School's Green Code